Tá clár nua d’fhiontraithe mná sa Ghaeltacht á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt leis an gclár EMPOWER, clár tacaíochta saor in aisce de chuid moil nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus an Rubicon Centre Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan. Tá an clár nua dírithe ar chúnamh a thabhairt do mhná atá i mbun fiontraíochta.
Tá dhá chlár ag tosú i Meán Fómhair 2024.
EMPOWER/CUMASÚ Tús: Dírithe ar mhná a bhfuil smaoineamh gnó acu atá siad ag iarraidh a iniúchadh (níos lú ná 18 mí). Reáchtálfar an clár seo uair sa tseachtain, ar feadh 4 huaire an chloig, ar líne den chuid is mó thar 12 sheachtain.
EMPOWER/CUMASÚ Fás: Mná a bhfuil gnó acu (18 mí agus níos mó) atá ag iarraidh borradh agus fás a dhéanamh. Reáchtálfar an clár seo uair sa mhí, ar feadh 11 mhí.
Tá breis is 140 bean tar éis páirt a ghlacadh sa Chlár EMPOWER go dtí seo.
Breis eolais: www.empowerprogramme.ie/cumasu
Beidh ionadaithe ón gclár, ollscoileanna teicneolaíochta chomh maith le Údarás na Gaeltachta, ag reáchtáil seisiúin eolais do mhná i gCiarraí:
– Dé Luain 24 Meitheamh:
– gteic@An Dromaid idir 10am agus 12pm
– gteic@Baile an Sceilg idir 12.30pm agus 2pm
– Dé Máirt 25 Meitheamh:
– gteic@Corca Dhuibhne idir 10am agus 12pm
Dúirt Susan Ní Churnain, Údarás na Gaeltachta,
“Tá traidisiún fada fiontraíochta ag mná Chiarraí agus is iontach an rud é go bhfuil an deis seo acu leis an gclár EMPOWER/Cumasú chun fás agus forbairt. Táimid ag súil go mór le mná Chiarraí an deis seo a thapú.”
Údarás na Gaeltachta, in partnership with the EMPOWER program, a free initiative from the innovation hubs of Atlantic Technological University and the Rubicon Centre at Munster Technological University, is providing a new program for women entrepreneurs in the Gaeltacht. The new program is aimed at helping women who are engaged in entrepreneurship.
Two programs are starting in September 2024.
EMPOWER/CUMASÚ Tús (Start): Women with an early-stage idea (less than 18 months) looking to set up or grow their business. This programme will run once a week, for approx 4 hours, mostly online over 12 weeks.
EMPOWER/CUMASÚ Fás (Growth): Women with a business (18 months plus) looking to scale and grow. Over 140 women have participated in the EMPOWER Program to date.
More information: www.empowerprogramme.ie/cumasu
Representatives from the program, technological universities, as well as Údarás na Gaeltachta will be holding information sessions for women in Kerry:
– Monday, June 24th:
– gteic@Dingle between 10am and 12pm
– gteic@Ballinskelligs between 12:30pm and 2pm
– Tuesday, June 25th:
– gteic@Corca Dhuibhne between 10am and 12pm
Susan Ní Churnain, Údarás na Gaeltachta, said,
“Women in Kerry have a long tradition of entrepreneurship, and it’s great that they have this opportunity with the EMPOWER/Cumasú program for growth and development. We are very much looking forward to Kerry women seizing this opportunity.”