EMPOWER Cumasú Fás Programme for Female Entrepreneur Development Celebrates Successful Completion

Mná na Gaeltachta ag Dul Chun Cinn sa Ghnó le Tacaíocht Údarás na Gaeltachta

Tháinig rannpháirtithe i gclár Cumasú Fás EMPOWER le chéile ag searmanas bronnadh teastas a reáchtáladh in oifigí Údarás na Gaeltachta le déanaí.

Bhí Siobhán Ní Ghadhra ó Danú Media i láthair mar aoi speisialta ag an ócáid, ag roinnt eolas ar na tacaíochtaí atá ar fáil ó Údarás na Gaeltachta agus ag labhairt faoina taithí le fiontraíocht. Tar éis di labhairt, bhronn Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, teastais ar gach rannpháirtí sa chlár.

“Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do dheiseanna cothroma a sholáthar do dhaoine a bhíonn fágtha ar lár go minic sa saol gnó. Ní ceist cheartais amháin í seo – tá daoine den scoth inár bpobail Gaeltachta nach bhfuil ag fáil na deise a thuilleann siad. Nuair a bhaintear na bacainní agus nuair a chuirtear tacaíocht ar fáil dóibh, ní hamháin go n-éiríonn leo ach feabhsaítear an thimpeallacht ghnó ina hiomlána dá bharr,” a mhínigh Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Tá an clár Cumasú Fás ann chun forbairt ghairmiúil agus tacaíocht fiontraíochta a chur ar fáil do mhná laistigh de phobal na Gaeltachta. Chríochnaigh na rannpháirtithe oiliúint chuimsitheach a thabharfaidh na scileanna riachtanacha dóibh agus iad ag dul i mbun gnó sna ceantair Gaeltachta.

“Léiríonn an clár seo ár dtiomantas do mhná na Gaeltachta a chumhachtú trí fhorbairt scileanna praiticiúla agus meantóireacht,” a dúirt Michelle Lee, Comhordaitheoir Tionscadal EMPOWER Cumasú.

Léiríonn an comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus ceannairí tionscail cosúil le Siobhán Ní Ghadhra, atá ina Cathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta freisin agus ina léiritheoir a bhuaigh duais Emmy, naisc láidre pobail an chláir.

Ag tógáil ar rath an chláir seo, tosófar earcaíocht do na chéad tionscnaimh EMPOWER eile i dtús mhí Lúnasa 2025. Cuirfear cláir Cumasú Tús agus Cumasú Fás ar fáil, ag soláthar deiseanna leanúnacha d’fhorbairt ghairmiúil i réigiún na Gaeltachta.

Is féidir leo siúd a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh ar chláir atá le teacht a spéis a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig: 

empower.galwaymayo@atu.ie

Participants in the EMPOWER Cumasú Fás programme celebrated their achievements at a special certificate presentation ceremony held at Údarás na Gaeltachta recently.

The event featured guest speaker Siobhán Ní Ghadhra of Danú Media, who addressed the group, sharing insights on available supports from Údarás na Gaeltachta while drawing from her extensive experience in the media industry. Following her presentation, certificates were presented to all programme participants by CEO of Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin.

“Údarás na Gaeltachta is committed to creating meaningful opportunities for underrepresented groups in entrepreneurship. This isn’t just about fairness—it’s about recognising and harnessing the incredible untapped potential that exists throughout our communities. When we remove barriers and provide genuine support, we don’t just help individuals succeed; we strengthen our entire entrepreneurial ecosystem,” said Tomás Ó Síocháin, CEO of Údarás na Gaeltachta.

The Cumasú Fás programme is part of the broader EMPOWER initiative, designed to support professional development and entrepreneurship for women within the Gaeltacht community. Participants completed comprehensive training which will equip them with essential skills for career advancement and business development in the Irish-speaking regions.

“This programme represents our commitment to empowering women in the Gaeltacht through practical skills development and mentorship,”. Said Michell Lee, EMPOWER Cumasú Project Coordinator  “The ceremony celebrates not just completion, but the beginning of new opportunities for our participants.”

The collaboration with Údarás na Gaeltachta and industry leaders like Siobhán Ní Ghadhra, who is also Chair of the Údarás na Gaeltacht Board and an Emmy award winning producer, demonstrates the programme’s strong community connections. Siobhán Ní Ghadhra’s presentation provided valuable insights into both institutional supports and real-world business experience, offering participants practical guidance for their future endeavours.

Looking Ahead

Building on the success of this programme, recruitment for the next EMPOWER initiatives will begin in early August 2025. Both Cumasú Tús and Cumasú Fás programmes will be offered, providing continued opportunities for professional development in the Gaeltacht region.

Those interested in applying for upcoming programmes can register their interest by emailing: empower.galwaymayo@atu.ie